top of page

Polasaí Príobhaideachais

Seo a leanas polasaí príobhaideachais Cinnteacht. Cuireadh an polasaí príobhaideachais seo le chéile mar gheall ar na dualgais atá orainn na Rialacha Ginearálta um Chosaint Sonraí a chomhlíonadh. Tuigimid an tábhacht a bhaineann le príobhaideachais do dhaoine agus tá muid tiománta leis an chosaint is fearr a thabhairt do gach duine atá muid ag obair leo.

 

Míníonn an polasaí príobhaideachais seo an dóigh a bhfuil sonraí pearsanta á mbailiú againn, cad a dhéantar leo agus na cearta atá ag daoine maidir le cosaint sonraí.

 

Ábhair:
  • Cén sonraí atá á mbailiú againn?

  • Cén dóigh a mbailítear an t-eolas seo?

  • Cén dóigh a mbaintear úsáid as do chuid sonraí pearsanta?

  • Margaíocht

  • Cad iad na cearta atá agat ó thaobh cosaint sonraí de?

  • Cad iad fianáin agus cén dóigh a bhfuil fianáin in úsáid again?

  • An dóigh le bainistiú a dhéanamh ar do chuid fianán

  • Polasaithe príobhaideachais ó shuíomhanna eile

  • Athraithe ar an pholasaí príobhaideachais seo

  • An dóigh le teagmháil a dhéanamh linn nó leis na húdaráis cuí

 

Cén sonraí atá á mbailiú again?

Bailíonn Cinnteacht na sonraí seo a leanas:

  • Sonraí pearsanta aitheantas (ainm, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, seoladh baile)

  • Sonraí bainc i gcás clianta

  • Tuairimí, tosaíochtaí agus eile (a thagann chun cinn mar chuid de thaighde, shuirbhé nó eile).

 

Cén dóigh a mbailítear an t-eolas seo?

Cuirtear an chuid is mó den eolas atá á bhailiú againn ar fáil dúinn go díreach ó na daoine lena mbaineann siad.  Bíonn sonraí pearsanta á mbailiú againn:

  • Nuair a chláraíonn tú leis an nuachtlitir

  • Nuair a dhéanann tú teagmháil linn maidir le bheith ag obair linn

  • Nuair a líontar suirbhé nó foirm aiseolais isteach

  • Nuair a bhaineann duine úsáid as ár suíomh idirlín trí fhianáin

Is féidir go mbailítear sonraí pearsanta fosta ó na foinsí seo a leanas:

  • Cliantaí eile más páirtí leasmhara thú a thoileann le roinnt sonraí

 

Cén dóigh a mbaintear úsáid as do chuid sonraí pearsanta?

Bailíonn Cinnteacht úsáid as do chuid sonraí pearsanta le gur féidir linn:

  • Ár gcuid oibre leat a chur i gcrích mar is cuí.  

  • Tú a choinneáil ar an eolas maidir leis an obair atá ar bun ag Cinnteacht (is féidir díliostáil ó seo in am ar bith).

  • Ábhar margaíochta a chur chugat maidir le Cinnteacht a chur chugat ó am go chéile (is féidir díliostáil ó seo in am ar bith).

Ní chuirfidh Cinnteacht do chuid sonraí pearsanta ar aghaidh chuig aon ghrúpa eile, ach amháin sa chás go n-aontaíonn tú go sonrach leis seo ar mhaithe le cás ar leith. Cuirfear ar an eolas thú agus is leatsa an rogha i gcónaí an bhfuil tú toilteanach go ndéanfar é seo. 

​

Cén dóigh an bhfuil do chuid sonraí pearsanta á stóráil againn?

Tá do chuid sonraí pearsanta á stóráil go sábháilte againn agus tá próisis in áit againn le cinntiú nach mbeidh aon nochtadh eolais ann nár chóir.  I measc na gcosanta seo, tá pasfhocail ar ríomhairí agus ar chuntais ar líne, tá cóipeanna crua de cháipéisí á storáil in gcófraí faoi ghlas agus ní choinnítear aon eolas pearsanta nach bhfuil úsáideach nó riachtnach dár gcuid oibre.

Coinneoidh Cinnteacht do chuid sonraí pearsanta ar feadh dhá bhliaina i ndiaidh duit bheith i dteagmháil linn. Nuair atá an t-am seo imithe, scriosfar do chuid sonraí ón ár ríomhairí, ó aon chomhaid roinnte atá againn agus ar aon leagan fisiciúil atá againn. 

​

Margaíocht

Ba mhaith le Cinnteacht eolas a chur chugat maidir le himeachtaí, seirbhísí nó eile a shíleann muid a bheidh suimiúil duit. Más rud é gur aontaigh tú leis seo, is féidir leat athchomhairle a dhéanamh agus an toil a chealú in am ar bith.

Tá an ceart agat díliostáil ó ábhar margaíochta ó Cinnteacht nó cur in aghaidh roinnt do chuid sonraí le páirtnéirí eile mar atá luaite thuas. 

​

Cad iad na cearta atá agat ó thaobh chosaint sonraí de?

Ba mhaith le Cinnteacht tú a chur ar an eolas maidir leis na cearta atá agat ó thaobh chosaint sonraí de.  Seo a leanas na cearta atá ag daoine faoi na Rialacha Ginearálta um Chosaint Sonraí:

  • An ceart go ligfí i ndearmad:  is féidir le duine iarraidh ar eagraíochtaí go mbainfear gach sonra pearsanta a bhaineann leo ó thaifid na heagraíochta.

  • An ceart cur i gcoinne próiseáil áirithe:  is féidir le duine cead a tharraingt siar in am ar bith maidir le próiseáil sonraí pearsanta, mar shampla, cead maidir le margaíocht dhíreach, ach tá cásanna ann nuair is gá don rialaitheoir sonraí áirithe a phróiseáil (le conradh a chomhlíonadh, mar shampla). 

  • An ceart go srianfar próiseáil:  is féidir le duine iarraidh ar rialaitheoirí srian a chur le próiseáil a gcuid sonraí go sealadach nó go buan, is dócha le cruinneas an eolais a chinntiú nó leis an bhunús próiseála a chinntiú. 

  • An ceart in-iomparthachta:  Is féidir le duine iarraidh ar rialaitheoir a gcuid sonraí ar fad a chur ar fáil ar bhealach inléite in-úsáidte.  Tá eisceachtaí leis an cheart seo.

  • An ceart ar rochtain eolais: Is féidir don duine is ábhar do na sonraí iarraidh ar rialaitheoir cóip a chur ar fáil dóibh dá sonraí pearsanta.  Is gá é seo a chur ar fáil taobh istigh de mhí ón am a dhéantar an t-iarratas.  Is féidir síniú ama mí eile a éileamh i gcásanna áirithe. 

  • An ceart le gearán a dhéanamh:  Mura bhfuil an duine is ábhar do na sonraí sásta gur chloí an rialaitheoir leis na rialacha faoi na RGCS, is féidir leo gearán a dhéanamh agus cúiteamh a lorg sna cúirteanna.

Má dhéanann tú iarratas ar eolas, tá mí amháin againn le freagra a thabhairt duit.  Más maith leat gníomhú ar cheann ar bith de na cearta seo is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar: Uimhir Ghutháin: 02839 898 242;  Seoladh Ríomhphoist: eolas@cinnteacht.ie

​

Cad iad fianáin?

Is comhaid téacs iad fianáin atá ar do ríomhaire le heolas a bhailiú maidir le húsáid na hidirlíne agus iompar cuairteoirí.  Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh, thig linn eolas a bhailiú uait go huathoibríoch trí fhianáin nó trí theicneolaíocht eile.

Le tuilleadh eolais, go chuig allaboutcookies.org

 

Cén dóigh a mbaintear úsáid as fianáin?

Baineann Cinnteacht úsáid as fianáin ar bhealaí éagsúla le cur leis an eispéaras atá agat ar ár suíomh, ina measc:

  • Tuiscint a fháil ar an dóigh a mbaineann tú úsáid as an suíomh

 

Cén cineál fianán atá in úsáid againn?

Tá roinnt fianán éagsúil ann, baintear úsáid as na fianáin seo a leanas ar ár suíomh:

  • Feidhmiú – baineann Cinnteacht úsáid as na fianáin seo le gur féidir linn tú a aithint ar an suíomh agus cuimhneadh a dhéanamh ar do chuid roghanna.  San áireamh anseo bheadh an teanga a roghnaigh tú nó an suíomh ina bhfuil tú.  Tá meascán d’fhianáin céadpháirtí agus tríú páirtí in úsáid.

  • Fógraíocht – Baineann Cinnteacht úsáid as na fianáin seo le heolas a bhailiú maidir leis an chuairt a thug tú ar an suíomh, an t-ábhar a leigh tú, na nasic a lean tú agus eolas áirithe maidir le do bhrabhsálaí, do ghléas agus do sheoladh IP.  In amanna roinneann Cinnteacht gnéithe de na sonraí seo le tríú páirtithe ar mhaithe le fógraíocht. Is féidir linn sonraí ar líne bailithe trí fhianáin a bhailiú le páirtnéireachtaí fógraíochtaí fosta. Ciallaíonn sé seo nuair a thugann tú cuairt ar shíomhanna eile, tá seans ann go dtaispeánfar duit fógraíocht bunaithe ar do nósanna brabhsála ar ár suíomh.

 

An dóigh le bainistiú a dhéanamh ar fhianáin

Is féidir leat socruithe a dhéanamh ar do bhrabhsálaí gan glacadh le fianáin, agus míníonn allaboutcookies.org an dóigh le fianáin a bhaint ó do bhrabhsálaí.  Áfach, seans nach féidir le roinnt míreanna ar ár suíomh féidhmiú gan fianáin. 

 

Polasaithe Príobhaideachais ar shuíomhanna eile

Tá naisc ar shuíomh Cinnteacht le suíomhanna eile.  Baineann ár bpolasaí príobhaideachais lenár suíomh amháin, mar sin de má théann tú chuig suíomh eile, ba chóir duit a bpolasaí príobhaideachais a léamh. 

 

Athruithe dár bpolasaí príobhaideachais

Déanann Cinnteacht athbhreithniú go minic ar ár bpolasaí príobhaideachais agus déantar aon athrú ar an pholasaí anseo.  Rinneadh an t-uasdátú deireanach ar an pholasaí seo ar 18/07/2023.

 

Déan teagmháil linn

Má tá ceist ar bith agat maidir le polasaí príobhaideachais Cinnteacht, na sonraí pearsanta atá againn fút, nó más maith leat gníomhú ar cheann de na cearta atá agat, dean teagmháil linn anseo leis na sonraí seo thíos:

Cuir glaoch orainn: +447594280840;  Cuir ríomhphost chugainn: eolas@cinnteacht.ie.

Cinnteacht logo
bottom of page