top of page

Eolas Fúinn

Hello, is mise Ursula Savage agus tá mé i mo bhunaitheoir agus m'úinéir ar Cinnteacht.

Tá obair déanta agam le réimse leathan eagraíochtaí thar na blianta agus chuidigh siad liom an-taithí a fháil i bpleanáil straitéiseach, forbairt eagraíochtúla agus modhanna taighde. Bainim úsáid as an taithí seo le tacú le heagraíochtaí agus le daoine aonaracha eile. Cuirim béim ar an stad reatha ina bhfuil daoine agus cuidím leo a gcuid spriocanna a oibriú amach agus plean cuimsitheach a chur i bhfeidhm leis na spriocanna seo a bhaint amach.

I ndiaidh dom céim a bhaint amach i nDlí agus Polaitíocht in 2012 ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, lean mé ar aghaidh le máistreacht a bhaint amach i Staidéar agus Cleachtadh Reachtúla in 2013. Ina dhiaidh sin bhain mé máistreacht amach sa Ghaeilge Nua-Aimseartha ó Ollscoil Uladh in 2016.

Chaith mé am ag obair do roinnt eagraíochtaí éagsúla, ina measc, Comhthionól Chnoc an Anfa, Fóram na nÓg, Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Cumann Tráchtála Iúr Chinn Trá. Chomh maith leis sin shuígh mé ar réimse coistí deonacha, mar shampla Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge, Coiste Gnó de Chonradh na Gaeilge, coiste stiúrtha Fhóram na nÓg, Féile Scoildrámaíochta an Iúir, Club Óige an Iúir agus Gaelphobal Ard Mhacha Theas. 

Tá mé tiománta do mo chuid forbairt phroifsiúnta féin fosta agus, i measc cúrsaí agus oiliúint eile, bhain mé Dioplóma Proifisiúnta amach i mBainistiú Tionscadail ó Acadamh Proifisiúnta UCD agus teastas i Scileanna Comhairleoireachta ó Coláiste Réigiúnda an Deiscirt in 2022. 

Ta obair déanta agam le daoine aonaracha, gnólachtaí agus grúpaí pobal fud fad na hÉireann le straitéisí a fhorbairt, taighde a chur i gcrích agus le spriocanna a shocrú agus a bhaint amach.

 
Ursula Savage Cinnteacht Consulting and Coaching.jpg
Cinnteacht logo
bottom of page