Comhairle
Tacaíocht
TREOIR
Cé Muid?
Oibríonn Cinnteacht le daoine aonaracha, le gnólachtaí agus le grúpaí pobal le tacú leo agus le cuidiú leo fás agus forbairt a dhéanamh de réir a gcuid aidhmeanna.
​
Cuirimid tús le cúrsaí san áit ina bhfuil tú agus cuirimid ár seirbhísí in oiriúint chun na torthaí is fearr a chinntiú daoibh. I measc ár seirbhísí tá taighde, forbairt bheartais, pleanáil straitéiseach agus oiliúint. Leis seo, is féidir linn tacú leat do chuid aidhmeanna a chinntiú agus a bhaint amach.
Ár Seirbhísí
Hello
Is mise Ursula Ní Shabhaois
Is bunaitheoir agus úinéir mé ar Cinnteacht. Ó a bhunaigh mé Cinnteacht in 2017 tá obair déanta agam le heagraíochtaí idir bheag agus mhór fud fad na tíre ar thionscadail a bhaineann le gach rud ó phleanáil straitéiseach, comhairle maoinithe, pleanáil teanga, éascú ceardlanna agus go leor eile.