top of page

cóitseáil 1-1

An bhfuil machnamh á dhéanamh agat ar athrú poist nó slí beatha? An bhfuil tú ag smaoineamh faoi tabhairt faoi oideachas in athuair? An mothaíonn tú go bhfuil athrú de dhíth ort nó gur mhaith leat tuilleadh stúr a bhetih agat i do shaol?

​

Is féidir le cóitseáil1-1 tacú leat soiléiriú a fháil ar cad atá uait agus cén dóigh gur féidir leat do chuid spriocanna a bhaint amach.

​

Tá seisiúin chóitseála bunaithe ortsa. Bíodh gur mhaith leat seisiún aon-uaire le plé a dhéanamh ar rud ar leith nó más maith leat tabhairt faoi phróiseas níos faide le smaointe úra a thriaill, thiocfadh le seirbhísí cóitseála Cinnteacht cuidiú leat. Bealach iontach atá ann le céim siar a ghlacadh ón ghnáth-shaol agus machnamh a dhéanamh ar an bhealach chun tosaigh duit.

​

Tá seisiúin chóitseála iomlán rúnda agus spás sábháilte atá ann le smaointe nua a fhiosrú, struchtúr a chur ar do chuid aidhmeanna agus pleananna a chur in áit leis an chéad leibhéal eile a bhaint amach. 

Cinnteacht logo_edited.jpg
bottom of page