top of page

Seirbhísí.

Cuireann Cinnteacht réimse leathan seirbhísí ar fáil d’eagraíochtaí ar leibhéal pobail, réigiúnach agus náisiúnta. Ós rud é go bhfuilimid ag obair le raon éagsúil cliant, déanaimid ár seirbhísí a oiriúnú do riachtanais shonracha na gcliant, agus muid ag tuiscint go dtugann cur chuige saincheaptha i leith soláthar seirbhíse na torthaí is fearr.

Más mian leat seirbhísí nach bhfuil liostaithe anseo a phlé linn, déan teagmháil dhíreach linn ag info@cinnteacht.ie .

1

Pleanáil Teanga

Oibrímid le coistí pleanála teanga ar fud na hÉireann chun pleananna teanga a ullmhú agus a scríobh a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach in Acht na Gaeltacht 2012.

Tá ár gcur chuige i leith pleanála teanga saincheaptha do gach pobal atá páirteach sa phróiseas, agus áirítear leis próifíliú teanga ceantair, taighde cáilíochtúil agus cainníochtúil, rannpháirtíocht le geallsealbhóirí agus dréachtú na bpleananna teanga thar ceann an choiste pleanála teanga.

2

Pleanáil Straitéiseach

Is féidir le plean straitéiseach cuidiú le heagraíocht a gcuid aidhmeanna a ashoiléiriú agus plean a dhéanamh ar cén dóigh gur féidir iad a bhaint amach. gus an chaoi a bhfuil sé beartaithe aici iad a bhaint amach a shoiléiriú. Cibé acu coiste áitiúil thú, atá díreach ag tosú amach, nó eagraíocht mhór, seanbhunaithe, is féidir le Cinnteacht tacaíocht agus cúnamh a sholáthar le linn turas pleanála straitéisí.

3

Taighde

Tá gá le taighde ar réimse leathan cúiseanna. I measc na gcúiseanna coitianta a dhéanann eagraíochtaí taighde tá próisis phleanála straitéisí nó teanga, fianaise a bhailiú chun tionchar a imirt ar lucht déanta beartas nó le haghaidh iarratais ar mhaoiniú, dul i ngleic le geallsealbhóirí nó measúnú a dhéanamh ar rath tionscadail nó plean.

Agus modhanna taighde cainníochtúla agus cáilíochtúla araon á n-úsáid, déanfaidh Cinnteacht plean taighde cuimsitheach a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a oireann do riachtanais agus do bhuiséad d’eagraíochta. Áirítear leis na modhanna seo:

  • Taighde beartais

  • Suirbhéanna ar líne agus duine le duine

  • Grúpaí fócais

  • Cruinnithe poiblí

  • Staidéir chomparáideacha

4

Éascaíocht Ceardlainne

Is féidir le héascaíocht sheachtrach ceardlann a bheith úsáideach ar go leor bealaí éagsúla. Cibé acu atá eagraíocht páirteach i bpleanáil, i mbreithniú tionscadail nua, i measúnú a haidhmeanna nó i mbailiú tuairimí an phobail nó geallsealbhóirí eile, is féidir le héascaitheoir seachtrach cabhrú leis an bpróiseas. Oibreoidh Cinnteacht leat chun ceardlann a dhearadh agus a éascú a chomhlíonfaidh riachtanais d’eagraíochta.

5

Tacaíocht Mhaoinithe

Tá maoiniú obair d’eagraíochta ar cheann de na dúshláin is mó a d’fhéadfadh a bheith roimh aon eagraíocht. Is féidir le Cinnteacht oibriú le heagraíochtaí chun foinsí ioncaim féideartha a aithint, agus chun foinsí maoinithe oiriúnacha a aithint agus iarratas a dhéanamh orthu.

6

Oiliúint

Beidh tuilleadh eolais ag teacht go luath faoin oiliúint a chuireann Cinnteacht ar fáil.

bottom of page